Déardaoin 29.9.2016

20160929_141855

Táimid ag úsáid teanga na matamatice anois – in ionad 2 agus 2 sin 4, táimid ag úsáid na siombail + agus =, agus na focail móide agus cothrom le.

We are using mathematical language now – instead of 2 and 2 make 4, we are using the symbols + and =, and the words móide (plus) and cothrom le (equals).

Nach bhfuilimid an-chliste!

Ag imirt cluichí

Is breá linn cluichí a imirt!  Táimid ag cleachtadh ár nGaeilge nuair atáimid ag spraoi.

20160928_103413

We love to play games!  We are practising Gaeilge while we play:

Seo é an tús:  This is the start

Seo é an deireadh:  This is the end.

Tóg do sheans:  Take your chance

Caith an dísle:  Throw the dice

Fuair mé a haon, a dó…:  I got 1, 2…20160928_101540

Bhuaigh mise:  I won!

20160928_122436 20160928_101002 20160928_101028

20160928_101110 20160928_101137 20160928_101540

Aoine 23.9.2016

Dia daoibh,

Tá seachtain eile déanta againn ar scoil agus tá na páistí i Naíonáin Mhóra ag obair go dian agus ag foghlaim go tapaidh.  Tá siad ar fheabhas agus tá súil agam go bhfuil sibh an-bhródúil astu.

Tá an leabhar “I nGrá Dé” ag na páistí inniu.  Bhíomar ag foghlaim faoi “cruthaigh Dia an Domhan” i rith na seachtaine agus “Cruthaigh Dia daoine freisin”.  D’fhoglaim na páistí faoi na ceadfaí agus caithfidh siad rud amháin a fheiceann siad, rud amháin a chloiseann siad srl., a ainmniú.  Is feidir leo é a scríobh nó is féidir le duine fásta é a scríobh dóibh.

Tá súil agam go mbeidh deireadh seachtaine deas agaibh.

Another week over at school and the children in Naíonáin Mhóra are working hard and learning quickly! They are so good and I hope you are very proud of them.

The children brought home their “I nGrá Dé”  books today.  We were learning about “God Created the World” and “God Created People”.  The children learned about their senses and they have to think of one thing they can see, one thing they can hear, etc.  They can write the words themselves or a grown up can write the words for them.

I hope you all have a lovely weekend.

 

Déardaoin 22.9.15 – Am Spraoi

Táimid ag baint an-taitneamh as Am Spraoi an tseachtain seo.  Tá ár ngníomhaíochtaí bunaithe ar an téama Scoil.

We are really enjoying Am Spraoi this week.  All our activities are based on our theme Scoil. 

20160922_1128451

Is maith linn scríobhneoireacht a dhéanamh / We like writing

20160922_112406

Táimid ag tógáil scoil as Lego / we are building a school with Lego.

20160922_112353

Táimid ag spraoi An Scoil Bheag le breagáin beaga.  We are playing An Scoil Bheag with small toys.

20160922_112331

Táimid ag spraoi An Scoil Mhór.  Uaireanta bíonn an múinteoir an-chrosta! We are playing An Scoil Mhór.  Sometimes the teacher is very cross!

20160922_112301

Táimid ag déanamh scoileanna as ábhar athchúrsála.   Má tá boscaí srl agat sa bhaile atá glan agus tirim ba bhreá linn iad le do thoil! (ach cinntigh nach gcuireann sibh isteach boscaí a bhíodh cnónna nó uibheacha iontu ldt) We are making schools out of recycled materials.  If you have any clean, dry boxes etc., we would love them but please don’t send in boxes that contained nuts/nut products or eggs/egg products.  

Aoine 16.09.2016

Bhí seachtain gnóthach againn ar scoil!

Fuair na páistí liosta de radharcfhocail atá déanta againn inniu.  Is féidir iad a ghreamú ar chartchlár, a ghearradh suas agus cluichí a imirt leo.  Seo cúpla cluiche a rinneamar ar scoil:

We had a busy week at school!  The children have a list of sight words that we have learned to bring home today.  You can stick them to card, cut them out and play some games to practise the words.  Here are some games we have played at school:

 

20160916_112357

Cuir thart an beart /Pass the parcel

 

20160916_112034

Biongo Bingo

20160916_113246

Snap

20160916_112932

Péire / Pairs

 

Thóg na páistí an leabhar i nGrá Dé abhaile inniu.  Tá paidir le léamh le chéile.  Le do thoil cuir an leabhar ar ais ar an Máirt.

The children took home their book “I nGrá Dé”inniu.  There is a prayer to read together.  Please send the book back in on Tuesday. (English version below)

 20160916_1401451

 

Tá súil agam to mbeidh deireadh seachtaine deas agaibh.

I hope you all have a lovely weekend.

Céadaoin 14.09.16

Dia daoibh a chairde,

Bhí crinniú deas againn aréir, bhí sé go deas dom buaileadh le na tuismitheoirí, míle buíochas do gach duine a bhí in ann teacht.

 

Seo cúpla rud a d’éirigh as an gcrinniú:

 

OBAIR BHAILE:

Beidh píosa obair scríofa ag do pháiste gach gach lá.

Dé gnáth beidh peannaireacht Luan agus Céadaoin (dhá líne an oíche faoi láthair).  Bí ag faire amach do foirmiú na litreacha agus ba chóir go bhfuil an scríobhneoireacht deas neata.  Máirt agus Déardaoin beidh obair sa Mhata, de gnáth leathanach amháin.  San obair scríofa seo, ní bheidh aon rud le déanamh nach bhfuil déanta ag do pháiste ar scoil.

Tósóidh siad ar leabhair léitheoireachta an Luan seo chugainn. Beidh leabhar nua acu gach Luan agus ba chóir go ndéanann siad léitheoireacht nó gníomh léitheoireachta gach oíche.  Beidh an leabhar ag teastáil uathu ar scoil gach lá freisin.

Tá clár nua sa Chreideamh againn, I nGrá Dé.  Tá béim sa chlár ar nasc idir scoil agus baile, gach seachtain beidh píosa le déanamh ar scoil agus píosa sa bhaile.  Cuirfimid na leabhair abhaile ar an Aoine nuair atá an ceacht críochnaithe ar scoil.  B’fheidir go mbeadh sé go deas am a chaitheamh le do pháiste ag an deireadh seachtaine ag déanamh an píosa “sa bhaile”, ach ní bhaileoidh mé na leabhair arís go dtí Dé Máirt ar eagla nach bhfuil seans ag gach duine é  a dhéanamh ansin.

LEABHARLANN

Rachaidh an rang go dtí leabharlann na scoile gach Máirt agus tá cead ag na páistí leabhar amháin a roghnú.  Bain taitneamh as an leabhar a léamh i rith na seachtaine agus cuir an leabhar ar ais sa mhála scoile ar an Máirt arís le do thoil.

 

 

Bhí lá deas againn ar scoil inniu agus chuamar go Seomra na Ríomhairí don chéad uair, tá ár scileanna ríomhairíochta ar fheabhas, beimid níos fearr na múinteoir Niamh go luath!

 

slán go fóill 🙂

 

We had a nice meeting in school last night, it was nice to meet the parents, many thanks to those who were able to make it. Here are a few notes that arose during the meeting:

Homework

The children will have a small amount of written homework every night.  Usually this will consist handwriting on Mondays and Wednesdays (two lines of the same letter at the moment).  Check that your child is forming the letters correctly and the writing should be neat.   On Tuesdays and Thursdays they will have some Maths work, usually one page.  Their homework will not consist of anything that they have not covered in school.

From next week they will also have an Irish reading book, every Monday they will have a new book, they should do some reading or a reading activity every night and have the book with them every day in school.

We have started a new religion programme in the school, I nGrá Dé.  There is an emphasis on a link between home and school in the programme, every week there is a written activity at school and one at home.  We will send the book home on a Friday when the lessons have been completed in school.  It might be nice to take some time to complete the tasks or reading over the weekend but we will collect the books every Tuesday if you prefer to complete it on Monday.  (I will post an explanation here on the class blog in English as the books are in Irish).

 

LIBRARY

Naíonáin Mhóra will go to the library every Tuesday and they can choose one book to bring home for the week.  Enjoy reading the books with your child and please ensure they have their library book every Tuesday.  

 

We had a lovely day in school today and we went to the computer room for the first time, we have great computer skills and will be better than Múinteoir Niamh soon!

 

Slán go fóill