Lá na nAinmhithe 7.4.17

Beidh Lá na nAinmhithe i nGaelscoil Chill Dara!  Lá gan éide scoile atá ann.  Tá cead ag na páistí a n-eadaí féin a chaitheamh, go h-áiraithe éadaí le ainmhithe orthu, nó gléasadh suas mar ainmhithe mas mian leo.  Freisin tá cead ag na páistí teidí a thógáil ar scoil leo. €2 an chlann (airgead do Fondúireacht na nAinmhithe i gCill Dara).

 

*******Beidh na páistí ag dul abhaile ag 12.00************

 

Tomorrow is Lá na Ainmhithe! It is a no-uniform day, the children can wear their own clothes, especially clothes with animals on them, or they can dress up as animals if they like.  They can bring an animal teddy to school with them too.  €2 per family (money goes to Kildare Animal Foundation).

 

***************the children will be going home at 12.00**********

 

 

 

Tá Íosa Beo!

Táimid ag foghlaim faoi Íosa agus an Cháisc anois.  Tá a fhios againn go raibh béile speisialta aige lena chairde, an Suipéar Déanach agus go bhfuair sé bás ar an gcros mar ní raibh daoine eile sásta leis na rudaí a bhí á ndéanamh agus á rá aige.  Ach níorbh é bás Íosa deireadh an scéil! Tháinig aingeal chuig a chairde chun a rá leo go raibh Íosa beo.  Bhuail a chairde leis arís.  Anocht beimid ag smaoineamh ar a chairde agus conas a bhraith siad nuair a chonaic siad go raibh Íosa aiséirithe.

We are learning about Jesus and Easter now.  We know that he shared a special meal with his friends, the Last Supper, and that he died on the cross because some other people did not like the things he was saying and doing.  But that wasn’t the end of the story!  An angel appeared to his friends to tell them that Jesus was alive.  His friends met him again.  Tonight we will be thinking about how his friends left when they saw that Jesus had risen.